School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 126
  3. XML “Cumhaidh Croí Cailín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cumhaidh Croidhe Cailín
    Tráthnóna Dia Domhnaigh ar ndoighe is mé gul un grinn
    Sceard mé fuil shróna, go deo ní rabh furtacht i ndán
    Mé ag smaoitiú ar mo stóirín bhíos ag ól liom seal tamall ar chlár
    Ar bhean eile pósta as mé mo dheoraidh bocht folamh mar atá.
    Ar maidín Dia Máirt bhí adhbhar gula ‘gam féin
    Bhí an gloine ar an chlár is é lán go dtí imeall an bhéil
    Fá cuma beag gránna udaí a tharla eadrainn araon
    Mo cúig míle slán do na lámha bhí tharm is nac mbíonn
    Shíl mise a Sheain go bráthach nach ndeánfá liom bréag
    Go bpósfa an ‘fly’ agus go bhfágfa an bhruineall do dhiaidh
    Nuair a théidheann tú ‘un aonaigh is tú an feirín ba deise liom [uaina]?
    Is a chara mo cléibh gur thréig tú mé gheall ar na buaibh.
    Tá mé mo shuidhe ó d’éirigh an ghealach aréir
    Cur na teinibhe = teinte síos de ghríosaigh is da fadá go géar
    Muintir an toighe na (gcodlad) nighe is mise liom féin
    Tá an coileach ag glaoidh is an shaoghal na codladh ach mé.
    Nár fheicidh Síol Éabha gléas ar do bhainfeis a Sheain
    Nár feicidh tú féin go héag do bhean ar do láimh
    Nár ba (duibhe do léine bheith dingneadh na do comhair ceann cláir
    (Is) fada fios agam féin gur céad cor cam in do lár.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Mairtín
    Gender
    Female
    Address
    Cornaveagh, Co. Donegal