School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 125
  3. XML “Amhrán an Fhalsóra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán an Fallsóra.
    D’imthigh mé liom o thír go tír ‘un damhsaí agus ‘un pléisúir
    ‘Un baisteacha ‘gus ‘un bainseacha ‘gus mo chosa dul in aon taoibh = ag rinna
    [Sheinnfinn]? port do’n mháthair is do’n nighean gan orta
    Ba sin an port a mheallfadh ‘n cáilín nó an [leinnir]? chaithfeadh snaoisín.
    Ní fhachthas ar an bhóthar mé ag scairtigh le mo chomharsan
    Go rabh an baile sgríosta gur ith na ba an eórna
    Choimheadainn an teallach o mhaidín go tráthnóna
    ‘S da bhfaghainnse tobac is uisce beatha dhéanfainn tuilleadh ceóibh daoibh
    Ní fhacthas ar an chorán tosaigh mé ar iomaire lá foghmhair
    Ní bhíodh an spád briste agam de mhéad is rinne mé rómhair
    Is mór mo dhuil i gcodladh acht (is) ní mór mo dhúil i (gcomhnuidhe) bfognamh
    Dá bhfágainn an mhóin abaile go ndéanfainn féin a croigeadh
    Is beag mo ghraithe ‘un mhuilinn ní rabh mé ariamh ar aithche ann
    Ní fhacthas dul na coilleadh mé ariamh a bhaint nó a ghearradh [adhinnid]?
    Bhainfinnse mo sheal as achan teach dá bhfághainnse deánta
    Ba lúthmhar éadtrom oigeanta a bhuailfinn boc i gcártaí
    Bhí bean nó dó nó trí agam is chuir mé i gcrích gan [fhéidin]? iad
    Seaoil mé romain (leobta?) na sriantaí is tá mé anois gan aon bhean
    A shearc sa rúin, dá dtigthea liom gheobhfá biadh gus éadach
    Cead codalta go h-eadaradh = eadar tráth dá nglacfasa le réic mhaith
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Mháirtín
    Gender
    Female
    Age
    90
    Address
    Cornaveagh, Co. Donegal