School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 122
  3. XML “Ainnir an Mhalaidh Bhuí”
  4. XML “Séamus 'Ac Murchaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chaith mé bliadhain is trí raithe i gceardchain is mé i gcúige laighm
    Is níor stad mé riamh de’n rása sin go dteachaidh mé go Connachtaí(bh)
    Ní rabh mo dhaoine sásta de’n cása sin a deanamh réidh
    Is ma éalaim le mo ghrádh gur ar mo mháithrín a d’íocfainn é.
    O Mallacht Rí na hAoine ar na teadaí a thug mo roga grádh uaim
    ‘S go rachfainn ar a gaobhair Dia hAoine no go [moch]? Dia luain
    ‘S da mbíodh sé cur dhe díle is é bheith siabadh sneacta adtúaidh
    Le mo ghrádh da bhfaghainn cead [sínead]? bhéinn go h-aoibhinn leis an eola ar chuan.
    (Séan Ó’Mairtín (60) a thug damh an tamhran seo. Fuair seisean e o Máire Nic
    an Bhaird - go ndeánaidh Dia a mhaith uirthi, An Grianán, Loch Iasc).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Séamus Ac Murchaidh
    A Sheamus Ac Murchaidh a dhith - mhar coigh chliútaigh
    A phlannda ón Aireacht a tharla ó’n uaisle
    Cad cuige nar smaoitigh tú ar do dhaoine
    Sul mar éaluigh tú san oidhche sul mar díoladh faoi do luach thú
    Dá bhfeicthea Sliabh gCuilinn dá corpadh is da réabadh
    Agus Séamus Ac Muircaidh ar toiseach an fhéasta
    Ní thabharfadh sé uarrainn do bhodach an bhearla
    No gur fágadh ar an tsráid é gan a’n fhear le na réidhteach
    Tiocfaidh gárda tréan láidir ar an aon mac isé na chodladh
    Béidh cluinreacha tárnocht is mé airim lucht gunntí
    Béidh an Scotach Ruadh sáruighthe ma’s Dia Máirt bhéas an cruinniú
    Is gur ar íochtar na sráide bhéas an bás fá do choinne.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Nic an Bháird
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Mairtín
    Gender
    Male
    Address
    Goladoo, Co. Donegal