School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 119
- XML “An Cróchrann (Cróchnáid)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Crochrann (=Crochnáid).Sin taidhbhreamh nó briongloid a bhéadh ag duine in a bhfeicfidhe torramh nó bás tobann a bhéadh i ndán do duine saoghalta. Dá gceiltí an crochrann ar an duine sin thiocadh sé fíor acht da [ninuisté]? é do’n duine go díreach mar connaictheas é san taidhbhreamh bainfaidhe an tolc as agus ní bhéadh níos mo de.
Donnchadh Chathail as na sléibhte bíodh sé ag luadadh go bhfaca sé a leithead seo no a leithead sin ins an chrochrann (mar d’eadh!). Bhíodh na daoine seo na rith chuigeann sin nuair a chluinfeadh siad é, ar eagla na hurcoide agus bheireadh siad luach a shaothair do as é a innsint daobhtha go hiomlán agus annsin bhéadh an ghoimh bainte as. Cuir sé amach ar an clann Dálaig, na sár-fir fairge sin as Baile Eoin go bhfaca sé a gcosa da nighe (bhí siad da mbathadh) ag súil go dtiocadh siad chuige cosmhail le duine. In áit sin chuaidh siadsan ionns’ air an Sagart Mag Fhloinn ar an Chlochan Liath. Chuir an Sagart scéala ar Cathal agus thug air seasamh as comhair an pobail aifrinn Dia Domhnaigh agus [áidbhéil]? go puiblidhe nar chan sé in a cuid cainnte acht bréaga i dtaoibh an Chrochrainn agus go stadfadh se de feasta. Chuir sin deiread leis an Crochrann bréige.- Informant
- Nuala Ní Dochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 86
- Address
- An Chruit, Co. Donegal