School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 112
  3. XML “Colm Cille agus an Coileach”
  4. XML “Clann tSuibhne na Miodóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tárla i gCill Cárta é uair amhain agus é ar leath-bhróig nuair a scarit an coileach. B'eigin do imtheacht mar bhí sé (ar eagla roimh an namhaid) agus níor scairt a'n coileach ann ó shoin.
    "Cill Carta, Cill Cartha
    'S a colann gan cionn
    'S an Cill gan coileach"
    Bhíonn mallacht Colm Cille ag an té a cuireas ar leath bhróg. Sé an doigh ceart - stoca agus stoca, bróg agus an bróg eile. Annsan ceangail iad - má thig an tóir ort annsin béidh gach rud i gceart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Clann tSuibhne na Miodóg
    Maolmuire an bhata bhuidhe a chur cuireadh ar fhear de clainn Dothartaigh as na Cruic. Níor mhaith leis an Dothartach a dhiúltadh ná bí eagla air roimhe agus chuaidh sé ionns’ air. Ar eagla go ndeanfaide feall air níor chuir sé a chuid beitheadach i stabla nuair shroíc se caislean Mhaolmuire acht d’fhág sé réidh iad faoi na gcuid diallaidh. Nuair a shuidh siad síos ‘un bidh tugadh isteach bunnóg aráin. Cuir duine éigin ag an tábla ceist ca leis a rabh an bhunnóg sin cosmhail. Dubhairt Maolmuire gur cosamhail í le, “Ceithearnach de Dhochartach a thiocadh ón tsliabh a mbéadh ocras air”.
    Nuair a chualaidh an Dochartach seo bhí fios aige go rabh feall ar bun ag Maolmuire agus d’éaluigh se amach. Ní rabh bealtaigh móra ar bith san am acht seort casán ar an réidhteach thart fá’n cladach agus glan an Docartach naoi bhfeirsdí ar aon traighadh Rabharta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female