School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 110
  3. XML “Rannta, Ráite, Seanfhocla agus Píosaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ranntá, Ráidte, [mi]? sean - fhocal agus píosaí.
    Chuala né an cuid is mo aca ó mo mhathait :- Nuala Ní Docartaigh. An Chruith. Ceann Caslach.
    (Rugadh i 25/3/1851)
    “Ní shiubhlann Dia le [Mio-Rúin]? na ndaoine” (Sean-focal a 5)
    Sagart a chaill péire stocaí. D’fhág sé ar bhean comharsan é agus thug a mallacht duithe acht fuair sé na shtocaí na dhiaidh sin agus annsin dubhairt sé go dtuitfeadh n a mallachtaí ar féin. Cailleadh ar an Ghaoth Dobhar é agus bhí cumhaidh mhór ar a deirbhshiúr na dhiaidh. Dubhairt sí :-
    “Gaoth Daobhar, gaoth Dobhar is dubh do’n tír thú
    Ní Cuan Meala agus ní nIubhear eisc tú
    Poll domhan fá choinne cailleadh daoine
    Sé [monnar]? mar fágadh brian ann”.
    “Na cuir do rún i ndioghaltas acht bíodh do mhuingin as trocaire de”. (no féach S.F. 145)
    Fear an - bhreagh a bhí i nGleann na hEilte agus chuaidh se ‘un tsléibhe fá choinne eallaigh. Glacadh e ar son Mollaí agus marbhadh é. Bhíodh a mhathair dá éagcaom :-
    “A chara sa chiúr, bhi brúighte tuirseac fá’n pháis
    Dearc ar an Úir is fiú mise éisteacht fhághail
    Sé mac daid ar an ród a leag tusa gan fath
    Béidh díoghaltas mór sa ghlór fa do leagaint gan fáth”
    Fear comarsan a thainic isteach agus níor mhaith leis a cluinstin go mbéadh “díoghaltas sa ghlór” mar gheall ar an chair seo. Dubhairt seisean :-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Informant
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    An Chruit, Co. Donegal