School: Lettercran (roll number 12049)

Location:
Lettercran, Co. Donegal
Teacher:
Peadar S. Ó Duibhidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1030, Page 281A

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1030, Page 281A

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lettercran
  2. XML Page 281A
  3. XML “Baint na Cruithneachtan le Corrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. .... Ní dheunfadh iasgaire é an uair sin ná aon rud dá leithéid. Daoine móra ba eadh iasgairí tamall maith de bhliantaibh ó shoin. Daoine a raibh acfuinn agus maoin acus agus ní ar gach aon obair ná gnó a bheadh meas acu.
    ++++
    Iosgaidhe An Chorráin
    Is dian an obair lá thabhairt ar do chromada ag buain le corrán. Tá Iosgaide ag baint leis , agus tinneas cinn, agus tinneas droma. Is mó fear óg láidir groidhe ná raibh i n-iúil ar é féin do dhíriú tar éis dó an cheud lá riamh a thabhairt a buain ar a leithéid de’ chuma; is mó duine acu a shin é féin ar thinnteán a mháthar tar éis an cheud lae sin, agus ná raibh i n-iúil ar eirighe as shocróchadh na punana bhí sa tslighe ná beadh le deunamh aice acht an chuibhreach do bhualadh orra, agus dar ndóigh bhíodh fear éigin ar gach aon mheitheal a mbíodh an croidhe go bog aige agus é fonnamhar ar chongnamh a thabhairt do lag agus cabhrú leis an tosnuightheoir.
    ++++
    Naoi bPinginne sa ló
    Seadh ! i dtaobh an tuarastail. Cad is dóigh leat, a duine , a bhíodh mar thuarastal lae ag an mnaoi sin a ceanglóchadh cruithneacht i ndiaidh an cheathrar buanaithe úd san mbaile seo againn-ne ochtú bliadhain í shoin?
    Bheadh naoi bpingine san ló aice nó b’fhéidir saol, agus scilling dheise go mór chum dín an tuige an bpunan, ná dá mbeadh sí sgaipthe briste ag inneal, agus ba fhusa stáca a dheunamh san ngáirdín di. Bhíodh sí go cruinn triopallach.
    Tá laetheanta sin an tinnis cinn agus tinnis droma mighthe. Ní bhíonn aoinne ag buain le corrán anois , san taobh seo dhen dúthaigh pé sgeul é. B’fhada a thug an talamh ag cothughadh na mbullán don Sasnach. Tá deireadh leis sin, agus is maith agus is an-mhaith an nídh é !
    Buidheachas le Dia gur mhaireamair le saoghal curtha na cruithneachtan do fheiscint arís i nÉirinn. Tá an saoghal sin chuagainn i n-aitháin rith. Go mba fada buan é bail agus rath ó Dia ar an obair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Irish Press