School: Lettercran (roll number 12049)

Location:
Lettercran, Co. Donegal
Teacher:
Peadar S. Ó Duibhidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1030, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1030, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lettercran
  2. XML Page 281
  3. XML “Baint na Cruithneachtan le Corrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sibh-s go léir a bhíonn ag trácht ar chruithneacht, an rabhabhair riamh á baint le corrán? Mar go deimhin, da mbeadh sibh, chruimhneochadh sibh tamall air. A dhuine, ní haon adhbhar magaidh lá ag buain le corrán agus meitheal in aonfheacht leat agus gach aoinne fear ‘má luaithe ag breith brághaidh ar a chéile. Níor mhór don tosaidhe bheith in-a fhear mhaith aibidh nó bainfí “na fála dhé,” mar adeir-téar, agus dá mbaintí chaithfeadh sé dul abhaile, agus ba shin náire go deo aige
    * * * *
    CAOGA BLIADHAIN Ó SHOIN.
    Is mar atá ráidhte agam a bhaintí an chruithneacht annso (I Rinn ó gCuanach I nDéisibh Mumhan dom), caoga bliadhain ó shoin agus I bhfad roimhe dar ndóigh. Baile iasgaireachta é seo agus nuair a bhí an iasgaireacht I réimh ann, ní chuimhneochadh aon iasgaire ar bhreith ar úirlis oibre-ní chodlóchadh sé san áit a mbeadh ceann acu.
    Bíonn an iomarca saoirse ag baint le fairrge chum duine á chartadh féin isteach in áit chumang dála páirce dá mhéid agus é bheith ar úrla ó mhaidin go hoidhche. Ní dheunfadh iasgaire é an uair sin ná aon rud dá leithéid. Daoine móra ba eadh iasgairí tamall maith de bhliantaibh ó shoin; daoine a raibh acfuinn agus maoin acu agus ní ar gach aon obair ná gnó a bheadh meas acu.
    * * * *
    LOSGAIDHE AN CHORRÁIN.
    Is dian an obair lá a thabhairt ar do chromada ag buain le corrán. Tá losgaide ag baint leis, agus tinneas cinn , agus tinneas droma. Is mo fear óg láidir groidhe ná raibh i n-iúil ar é féin do dhiriú tar éis do an cheud lá riamh a thabhairt a buain ar a leithéid de chuma; is mó [End of column]
    [New column]
    go ceann sgaithimh mhaith. Bhí tinneas droma an chorráin chomh dian san gur dhein fear éigin aor air. Seo mar a thosnuigh sé air :-
    Mo leun ar an gcorrán agus loiscearan cruaidh air
    ‘Sé chur greim im shlinneán agus critheán in mo ghualainn.
    * * * *
    I NDIAIDH NA MBUANAITHE.
    Agus na mna a bhíodh ag ceangal i ndiaidh na mbuanaite ní díomhaoin a bhiodh an lá acu.
    Is minic a chuala mé trácht ar mnaoi áirighthe a cheanglóchadh i ndiaidh ceathrar buanaithe, acht ní in a comhnuidhe a gheobhfaí a leithéid. An bean a cheangalóchadh i ndiaidh triúr acu níor mhiste a rádh ná go mbíodh a céird aice.
    Acht an cáilín óg a ragadh ag ceangal ar a tuarastal imeasg meitheal ban an cheud uair ná a chéile ba mhór an truagh í, muna mbeadh buanaidhe éigin ar an meitheal a [“GORTMÍN” do scríobh] socróchadh na punana dhi sa tslighe ná beadh le deunamh aice acht an chuibhreach do bhualadh orra, agus dar ndóigh bhíodh fear éigin ar gach aon mheitheal a mbíodh an croidhe go bog aige agus é fonnamhar ar chongnamh a thabhairt don lag agus cabhrú leis an tosnuightheoir.
    * * * *
    NAOI BPINGINNE SA LÓ !
    Seadh ! i dtaobh an tuarastail. Cad is dóigh leat, a dhuine, a bhíodh mar tuarastal lae ag anmnaoi sin a cheanglóchadh cruithneacht i ndiaidh an cheathrar buanaithe úd san mbaile seo again-ne ochtú bliadhain ó shoin?
    Bheadh naoi bpingine san ló aice [End of column]
    [New column]
    GAEDHEAL-CHLÁR RADÍÓ ÁTHA LUAIN.
    “Scáthán na nGaedheal” .I. an Ghaedheal-nuacht ó cheithre áirdibh Éireann.
    ag gach buanaidhe, agus lá fada foghmhair ó dhubh go dubh a thabhairt ar an méid sin; acht d’réir mar a bhí an aimsear ag imtheacht bhí feabhas ag dul ar sgeul an tuarastail, agus chonnaic mé féin sa deireadh dhá sgilling san ló ag buanaithe agus luach pingne thobac agus trí bhéile bídh.
    I n-a theannta sin thugadh pé iasgaire a mbítí ag buain do, thugadh sé na buanaithe go dtí an tigh tabhairne leis agus d’ólaidís roint deochanna ist oidhche Dia Sathairn.
    * * * *
    BUALADH NA CRUITHNEACHTAN.
    Bhíodh an chruithneacht le bualadh annsan agus ba shin sheasún eile do’n mbuanaidhe.
    Ar chloich a deintí an bualadh. Punana beaga a bhíodh acu, mar ba dheise go mór chum dín an tuighe as an bpunan, ná dá mbeadh sí sgaipthe briste ag inneal, agus ba fhusa stáca a dheunamh san ngáirdín di. Bhíodh sí go cruinn triopallach.
    Tá laetheanta sin an tinnis cinn agus an tinnis droma imighthe. Ní bhíonn aoinne ag buain le corrán anois, san taobh seo dhen dúthaigh pé sgeul é. B’fada a thug an talamh ag cothughadh na mbullán don Sasnach. Tá deireadh leis sin, agus is maith agus is an-mhaith an nídh é !
    Buidheachas le Dia gur mhaireamair le saoghal curtha na cruithneachtan do fheiscint arís i nÉirinn. Tá an saoghal sin chughainn i n-a tháin rith. Go mba fada buan é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Irish Press