School: An Clochar (roll number 14705)
- Location:
- Kilbarron, Co. Donegal
- Teacher: Mother Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar
- XML Page 300
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bliadanta ó shoin nuair a bhris an galar dubh amach in Éirinn rinne an aicíd sgrios mhór.”
(continued from previous page)ocras an domhain air, bhain sé amach an chisteanach, agus tharraing chuige sgála bréagh brachain. Nuair a tháinig an cócaire isteach agus chonnaic an spioraid thuit sé i luige i lár an urláir.
Tugadh aire mhaith do Sheán agus níor b’fada go bhfuair sé biseach. Bhí gach uile duine go maith sin dó gur fhan sé istigh i dteach na mbocht ar fadh. I gcionn tamaill fuair sé posta a roinnt na móna agus freasdail ar na mucaibh.
Lá amháin bhí sé ag roinnt na mónadh mar ba ghnáthach i seomra na sean bhan. Bhí siad na suidhe thart fan teinidh go fallsach agus nuair a connaich siad Seán nach raibh siad ag brath corrughadh as a bhealach thóg sé bata le iad a sgabadh. Phreab cailleach luaitridh amháin in a sheasamh go dána agus sgairt amach go feargach – “Suidhigidh thart, suidhigidh thart, seo chugainn buitleír “na muc”!
Mhair Seán fiche bhliadhain in a dhiaidh seo, agus nuair a fuair sé bás an dara h-uair, ar eagla go(continues on next page)- Collector
- Ánna Ní Laochraidhe
- Gender
- Female
- Address
- Ballyshannon, Co. Donegal