School: Naul (roll number 1170)

Location:
Naul, Co. Dublin
Teacher:
C. Mac Fhíonntaigh

Filter stories

Back
/ 121 Forward
Resolution: Low | High
Naul | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 98

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Laoi na mbuiaidheann
Nuair a bhéidhfí i n eibheann nó ag súil le fios a fhaghail deairfidhe an laoi seo. Cuir i gcás go raibh na buanaidh in Alban agus go bhfuair duine aca cunntas go raibh duine éigin sa baile i gcontabhairt báis deairfeadh duine eigin annsin é go bfeicfidhe goidí má rachad sé leis an duine tinn.

Cuir ort Stoca , annsin stoca eile, annsin bróg agus an bhróg eile, annsin ceangail iad. Má cearglann tú bróg amhaín agus an chos eile tarnocht béidh mallacht Colmcille ort.
Nuair táthar ag gearradh móna fágtar staigre ag ceann an bachta nuair a bhí Colmcille ag teichead o'n namhaid tharla é in urlár bachta agus gan bealach éalóidh aige .
Tá a lan rudaí eile crosta in ainm Colmcille.
Na caith amach uisce ar an fhéar ar an doras cúl , sin an ait a mbíonn a bhféastaí ag na daoine beaga.

(continues on next page)
Collector
Cathal Mac Fhíonntaigh
Gender
male
Informant
Neans Ní Chealachain
Gender
female
Age
74
Address
Tawnaghgorm, Co. Donegal
Language
Irish