School: Naul (roll number 1170)

Location:
Naul, Co. Dublin
Teacher:
C. Mac Fhíonntaigh

Filter stories

Back
/ 121 Forward
Resolution: Low | High
An Cróchrann

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 91

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sin taidhbhreamh no briongloid a bhéad ina bhfeicfidhe torramh nó bá tobann a bhéadh i ndán do duine saoghalta. Dá gceiltí an crochrann ar an duine sin thiochfadh sé fíor acht dá ninnistí é do’n duine go díreach mar connaictheas é san taidhbhreamh bhainfidhe an tol as agus ní bhéadh níos mo de.
Donnachadh Cathail as na sléibhte bhíodh sé a leithead sin ins an chrochrann (mar dheadh !) bhíodh na daoine seo na rith chuige annsin ar eagla na hurchóide agus bheireadh siad luach a shaothair do as é a innsint daobhtha go hiomlán. Chuir sé amach ar an chlann dalaigh na sár-fhir fairge sin as baile Eóin go bhfaca sé a gcosa dá nighe ( sé sin iad a bhathadh ) ag súil go dtiocfadh siad chuige cosamhaile le duine. In áit sin chuaidh siad go dtí an sagart Mag Floinn ar an Chlothan Liath air seasamh os comhair an phobail aifrinn agus aidbhéil go puiblidhe nach raibh in a chuid cainnte acht bréaga agus go stadfadh sé de. chuir sin deireadh leis an crochrainn bréige

Collector
Cathal Mac Fhíonntaigh
Gender
male
Informant
Neans Ní Chealachain
Gender
female
Age
74
Address
Tawnaghgorm, Co. Donegal
Language
Irish