Bíonn fad ' coiscéim coilig ' ar lá na bliadna úire. Is ionann lá Feil Brigde agus lá Iughnasa. Teacht na Feil Padaig briseann an tailliúir a choinnleoir . Lá feil Brigde Darna gach aon lá ó mo lá sa amach. Lá Fheil Pádraig. Síneann gach lá ó mo lá sa amach.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Athair an dá lá déag. (lá Nodlac beag . Lá Nodlac na mban) Sé sí an oidhche 'nar dearn ár Slánuightheoir a chead míorbuilt . Tionntuigheann an t-uisce go fíon ar teacht na hoidhche . Mar sin de bíonn lón uisce intigh in gach teach roimh tuitim na hoidhche. Na caith amach luaith ar bith lá na bliadna úire.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »