Bíonn an patrún aca go fail shíos ag cionn Málainne an áit a bhfuil teampal Dubhaigh ag taobh na fairrge. Bíonn gach seort cleasaidheachta agus greann ar suibhal ann domhsa ceol agus mar sin de."Mailin Fair" a bheirtear air anois.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bíonn féasta mór oidhche Samhna, bhíodh brúitín, im agus bocstaí ann. Oidhche mhór cleasaidheachta, "Thart an bróg", "Fear an tuighe", "Ag díol muice", "An taidhbhse sa tobar". Béidhfidhe ag tógail ubhall as tuban uisce ins na fiocla. Ag tógail ubhla o cionn na cathaoire agus ag dógadh cróanna. Bíonn na daoine óga ar siubhal ag ragaracht fosda. Bithear ag togail cáil, agus a cathamh arana dorsa, Seo an bun a bhí le scaipeadh an cháil. Bhí an cáil an ghann a bhfad ó shoin agus bhí sé na grás ag na daoine brot bheith aca la Samhna. Deantaoí an brot sin as cáil geal agus min coirce agus cuirtí salann air. Ranntaoi cibé cáil a bíodh in gach baile thart ar na toighthe ann. Fear amháin
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »