School: Naul (roll number 1170)

Location:
Naul, Co. Dublin
Teacher:
C. Mac Fhíonntaigh

Filter stories

Back
/ 121 Forward
Resolution: Low | High
Oíche Bhealtaine

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0787, Page 83

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Cuireann muinntir na tuaithe craobh de'n crann chaorthainn trasna os cionn doras na cistinighe taobh amuigh. Dar leo go sásann seo na daoine beaga agus go mbéidh rath ar an bhólacht i rith na bliadna agus go mbéidh bainne agus im aca.

Sí an chiall is mó atá leis an gnás seo anois le honóir a thabhairt don Mhaighdean Muire agus fáiltuighadh roimhe na blátha atá ag leathniú fríd na páirceanna ins an seasúr seo.
Craobh de'n droighnean donn a cuirtear suas in aiteacha airighthe.
Cráithtear samharcan agus blatha amach thart fá'n doras. Má bhaineann duine blátha fá choinne na ócaide seo i páirceanna na gcomharsain beireann sé leis rath na gcomharsan sin fosda.
Cáilín beagh nach raibh a fhios aici fá'n gheis seo chuaidh sí anonn go dtí pairc comharsan an áit a raibh samharcan breaghtha agus thoisigh a mbaint. Nuair a bhí sí a gcrathadh thart fá'n doras chonnaic sí an bhean ar léithe an pháirc istigh i bpáirc athair an cháilín agus í

(continues on next page)
Collector
Cathal Mac Fhíonntaigh
Gender
male
Informant
Neans Ní Chealachain
Relation
unknown
Gender
female
Age
74
Address
Tawnaghgorm, Co. Donegal
Language
Irish