School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (roll number 4136)

Location:
Coolnahorna, Co. Waterford
Teacher:
Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0654, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0654, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire
  2. XML Page 403
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Ghrian. Nuair a bhíonn dath dearg ar an speir agus an ghrian ag eirighe agus nuair a théigheann an dat i méid agus nuair a leathnuigheann sé in airde sa spéir deirtear go mbeidh stoirmeacha agus aimsear fliuch ann.
    An Ghealach. Nuair a bhíonn cioth nó ceó ar an gealaigh deirtear gur comhartha fearthainne é
    Nuair abhíonn an ghealach nua 'na luighe ara dhruim, comhartha droc-aimsire seadh é, i rit na miosa ina dhiaidh sin.
    Na hAimhnidhthe:- Suidheann an cat agus a dhrom leis an dteine nuair a bhíonn an aimsear fuar fluich. Nuair a bhíonn an aimsear fluich ag teacht tagann na caoirigh aníos ós na sléibhte agus fanaid ag inbhear ag bun na sléibte.
    Ceó. Nuair a bhíonn ceo ar bhárr na sléibhte agus nuair bhíonn sé ag gluaiseacht i dtreo na farraige deirtear gur cómhartha deagh-aimsire é. Nuair a bhíonn sé ag teach ó'n bfairrge agus ag dul i dtreó na talmhan, cómhartha fearthainne 'iseadh é.
    Seana-Ráidte
    "Caipín ar Chruachán agus Comsingáin ag caitheamh píopa. Sin rian fearthainne."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dálaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kilclooney, Co. Waterford