School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (roll number 16735)

Location:
Waterford, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0653, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Page 231
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Ba leis an tighearna Devonshire an sliabh úd Cnoc Maol Domhnaigh agus bhíodh roinnt maor aige ar an sliabh agus sé an gnó a dheinidís ná aire a thabhairt don "game".

    .....Choimeádadh muinntir na h-áite caorach ar inbhear ar an sliabh agus bhí ar na maoir sin uimhir na gcaorach a bhíodh ag gach duine do chomháireamh agus aoinne a bheadh ad iarraigh caoirigh sa bhreis do chur ar inbhear innti nó aoinne a bhéadh ad iarraidh teacht trasna gan aon chíos a dhíol ba ghnáth leis na maoir tuairisg na ndaoine sin do chur isteach go dtí an caisleán, go dtí fear ionad a'Tighearna, mar a bhainidís cáin díobh nó mar a deineann muinntir na h-áite féin. Bainis scot asta. scot=cáin. De shliocht Mongáin b'eadh an maor ins an am so - timcheall ceithre ficead bliain ó shoin - agus pé tuairisg a chuir sé isteach ar an bhfile gearradh £7 de cháin air. Sgríobh an file aor annsan ag cáineadh an mhaoir. Measaim gurab é Seán Ó Muirgheasa a cúmh é ach níl muinntir na h-áite ró-chruinn fé ainmneacha agus cuireann siad an abairt seo i leith an duine siúd agus gan aon ughdarás acu cuige in-aon-chor. Seo mar thá sé dáltha gach phíosa tá sa leabhar seo ach go háirighthe do an tslighe 'nar aor sé an Maor:-
    A Phádraig na Lúb, guidhim tuars ort is díogh'
    Giolla gráinne na cruite is na huiscidí buidhe
    Nár mhairir go Samhan
    má's tú 'o sgaoil an gníomh
    Ach a'díol a bheith a'teireach go héasga sa tslighe.
    II
    Lannaim mar ghrásta ar mo Shlánuighteoir mhór
    Mongáin ná Pádraig ná fágaidh sé buan
    Ach liútar á pleascadh le faobhar sa gcluas
    Is go h-ifreann craosach guidim féin iad chun suain.
    III
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish