School: Clochar San Eoin Dé, Portláirge (roll number 12535)
- Location:
- Waterford, Co. Waterford
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar San Eoin Dé, Portláirge
- XML Page 130
- XML “Eoghan Rua agus Cathair Phort Láirge”
- XML “Bronntanas ó Phort Láirge”
- XML “Rinuccini, Toscaire an Phápa - An Bhaint a Bhí aige le Cathair Phórt Láirge de réir an Bhéaloideasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tionóladh Cruinniú Pairl. n Comhdála i bPortláirge. Tháinig Eoghan Ruadh chuige agus cabhair fear agus arm lón i gcóir arm Uladh d'iarradh. Socruigheadh an chabhair a thabhairt do'n arm acht stiúiruí an airm sin a bhaint d'Eoghan Ruadh agus tugadh do Tighearna Castlehaven é.Deirtear gur bheag nár bhris an socrú seo croidhe Uí Néill acht do sheas sé go maith an tarcuisne a thug lucht leanamhna Urmhumhan dó agus ghéill sé go h-umhal omósach go Castlehaven. Chuir muinntir Phortl. feara an fáilte roimh Eoghan Ruadh agus a gharmhac Aodh Dubh. Agus an bheirt acu ag marcuigheacht trid an gcathair chuir na daoine luígha fáilte agus lúthghára agus beannacht san aer agus ghealladar bheith dílas dó agus do chúis na nGaeldheal. Thug an dílseacht sin an-thógáil croidhe d'Eoghan Ruadh rar éis an masla a tugadh dó i Halla an Chomhairle agus chinn sé leanamhaint leis an troid ar son na h-Eireann.
- Sa bhln. 1646 tar éis buadh na Beinne Buirbe tháinig teachtaire ó Phortláirge go Eoghan Ruadh agus bhí aige airgead a bhailig an t-Athair lúcás Uaidín ó Phortláirge agus gcathracha na h-Iodáile agus fós tabhartas luachmhar pearsanta ó Lúcás féin d'Eoghan féin féin- claidheamh a núcail. Aodh O'Néill fein. a chuir lúcás chuige o'n Roimh mar a raibh corp an mhór thaoisigh ag rabhairt an fhéir.
Ba i bPortlaírge a ceapadh an caoineadh áluinn sin fé bhás Uí Néill "Llament for Eoghan Roe O'Neill". - Portláirgeach darbh ainm dó Lúcás Uaidín ba chúis le na theacht 1646 go h-Eirinn. Tháinig sé go Portl. mar ar cuireadh na mílte fáilte roimhe. Pádruig Comartún an t-easbog a bhí ar Phortl. dOrd U. Abhuistín agus gaol gairid do Lúcás Uaidín, an chéad easbog tar éis 50 bl. géarleanamhainte. D'fhan sé ar ósdas ag tigh Tomás Uaidín , driothár do'n Athair(continues on next page)