School: An Chill, Dúngarbhán (roll number 630 or 16748)

Location:
Kill, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chill, Dúngarbhán
  2. XML Page 113
  3. XML “Scéal Phetticoat Loose”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Droch sean-bhean a bhí ann fadó ab ea Petticoat Loose. Peatach mór be ea í agus dhein Dia í a dhaoradh nuair fuair sí bás. Chuir sí trí páiste ná raibh baistithe chun báis agus go leor daoine eile. Sheasuigh a sprid i lár an bóthar gach oíche agus cuireadh sí chun báis éinne ná déanfadh rann di. Is mó duine fuair bás mar sin. Casadh fear léi oíche agus é ar meisce. Shíl sí ná bheadh aon trioblóid aici é do mharbhú ach bhí breall uirthi. Nuair a thais sé fé chaith sé é féin isteach in abhainn a bhí taobh leis agus d'imigh Petticoat Loose suas sa spéir ina sprinlíní tine.
    Oíche áirithe tháinigh sagart óg ina coinne agus é ag léamh a leabhair. Ní raibh aon eagla air roimpe ach bhí scannradh uirre sin. Cheistigh sé í i dtaobh a daoradh ach bhí sí sin comh gasta nár innis sí an fhírinne dó. Fé dheire d'airimhigh sé na peacaí a dhaor í agus caith sé géilleadh. "'Sé an píonós a churfidh mé ort anois" ar sé "ná é seo : caithfear súgáin a dhéanamh den gaineamh san Muir Rua go dtí Lá an Bhreitheamhais". Nuair airigh sí na focail sin d'iarr sí air cead a thabhairt dí barra a méire a choiméad ós ceann an uisce chun go mbádfadh sí na longa a geighadh an rslí ach níor thug sé an chead di. Ansan d'iar sí cead air gruaig a cinn a coiméad ós ceann an uisce ach ní fuair sí é. D'eitil sí léi ansan agus caith an sagart a leabhair iompaithe. Chas sé agus d'innis sé don sagart go raibh aghaidh an leabhair leis an gaineamh. Thuig sé ansan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Gréine Paor
    Gender
    Female