School: An Chill, Dúngarbhán (roll number 630 or 16748)

Location:
Kill, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chill, Dúngarbhán
  2. XML Page 107
  3. XML “An Glas Gamhnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timpeall sé mhíle ar an dtaobh thiar de cathair Portláirge in áit ar a nglaotar an Cnoc Dubh tá carraig mór agus ar an gcarraig seo tá rian crúb bó agus stóil. Tamall beag isteach ón mbóthar atá an charraig seo agus tagann daoine ina sluaite ann ó gach áird chun í d'fheiscint.
    Tá scéal uaigneach i dtaobh na carraige seo ag na sean-daoine :
    Fadó seasadh bó ar a dtugtaí an Glas-Gamhnach ar an gcarraig seo agus tagadh daoine bochta ó gach áit sa cheanntair chun é a chrúadh. Crúadh gach éinne a dhóthain bainne uaithi agus líonadh sí gach arthrach ina gcrútaí í. Deireann na daoine go líonadh sí pé arthrach dá mhéad é. Seasadh sí i gcónaí ar an gcarraig agus ní raibh a fhios ag éinne cá gheibheadh sí bia. Is dócha gurab é Dia a chuir ann í chun bainne a thabhairt dos na daoine ná raibh bó ná gabhar aca le linn an droch-saol.
    Bhí sean-bhean ghrannda sanntach ina cónaí san áit agus chuir sí geall le comharsain di go dtabharfadh sí féin árthrach léi ná líonfadh an ghlas-gamhnach. Tháinigh sí chun an bó do crúadh agus iad a bhearfadh sí léi ná criathar! Bhí a fhios aici ná féadfadh an bó an criathar a líónadh agus thosnaigh sí á crúadh. D'oibrig sí léi agus an bainne ag imeacht trí thóin an chréichir gur thosnaigh siní na bó ag tabhairt fola. Chrom an bó ag scréacadh agus nuair chonaic sí a bainne ar an dtalamh chuir sí béic mí-nádúrtha aisti agus chuir chun siúl í agus í ag búirthigh. Ní fheadar éinne cá ndeachaidh sí ach ní fuarthas a tásg ná a tuarisc riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Glas Ghoibhneann (~76)
    Language
    Irish
    Collector
    Máiréad Tóirpí
    Gender
    Female