School: An Chill, Dúngarbhán (roll number 630 or 16748)

Location:
Kill, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0650, Page 104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chill, Dúngarbhán
  2. XML Page 104
  3. XML “Faithcín .i. Baile Ristín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí fir ag obair ins an mbhóithrín atá le hais na h-áite seo an lá fé dheire agus fuaireadar cloiginn daoine sa claidhe. Sin comhartha go raibh sean-reilig ann.
    Tá sé ráite leis go bhfuil pasáiste fé thalamh ag dul ó sean-mhainistir Baile Ristín go dtí Mainistir na Cille Bige, áit a raibh mainistir mór fadó. Dhein na manaig an pasáiste seo chun go mbeadh sé maráit folaithe acu le linn gabhtair. Tríd an pasáiste seo teigheadh na manaig ó Baile Ristín go dtí an Cill Beag. Tá an pasáiste sin le feiscint fós. Páirc an Teampaill glaodhtar ar an sean-pháirc ina raibh an sean-mhainistir fadó agus Paróiste na Manach a bhí ar an bparóiste ina raibh sé.
    Níl le feiscint ann anois ach rian fothracha an mainistreacha. Deirtear go bhfuil manach curtha ós comhair na h-altóra sa séipéilín atá ann anois. Ní bíonn Aifreann ann ach uair sa bliain. Tá go leor daoine ó gach áit curtha sa reilig ach is annamh cuitear éinne ann anois. Is í an reilig is ársai sa ceanntar seo í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Location
    Ballyristeen, Co. Waterford
    Collector
    Tomás Mac Craith
    Gender
    Male