School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Gearóid Ó Coindealbháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 276

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
  2. XML Page 276
  3. XML “Devotional Tales”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín bocht ag siúl an bóthair oíche dorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar cois léi agus bhí an droch bóthair ag gabháil go cnámh trí na bonnaibh. Ní raibh aon áit aici chun dul isteach chun an oíche do caitheamh agus bhí an t-áindiseóir i gcruachás. Thárla go raibh Ár Slánathóir ar an mbóthair céanna agus do bhuail sé léi. Ghlach sé truagh don chailín bocht agus dúirt léi dul go dtí tigh a bhí cóngarach di agus go fan istigh ann ó spéir na h-oíche. Chuaidh sí ann agus ligeadh isteach í. Ní raibh istigh roimpi ach fear. D'fhan sí ann go maidin agus bhí sí chun cur di ach d'iarr an fear uirthi fuireach na fhochair agus go bpósfadh sé í. D'fhan sí agus pósadh iad. D'éirigh go maith leo. Bhí 'lán an mhála' acu agus an saol ar a d'toil acu.
    Lá áirithe bhí an bean nua pósta ag cur cruithneachtan í málaibh le h-ais an doras agus tháinigh Ár Slánathóir cúichi i gcló duine bocht. D'iarr sé deire den cruithneachtain uirthi. Do labhair sí go searbhásach leis agus ar sise "Ná déanfadh cúpla prátaí an gnó duit?" agus dúirt sí lena fear iad do thabhairt dó. Níor fhan sé leo ach thóg sé cúpla gráinne den cruithneachtain agus d'imigh leis. Nuair d'fhéach an bean ar na málaí bhíodar folamh. Ní raibh gráinne ionnta. D'aithin sí cé bhí ann ansan agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
          1. the Holy Family (~429)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Teidhirs
    Gender
    Male
    Address
    Cahernaleague, Co. Waterford
    Informant
    Domhnaill Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Cahernaleague, Co. Waterford