School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Gearóid Ó Coindealbháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
  2. XML Page 221
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé Cathair na Léige ainm na h-áite ina bhfuilim im chónaí. 'Sé an brí atá leis an ainm seo ná áit a bhí ag dul in olcas uair éigin fadó. Tá alán ainmneacha eile ar áiteanna áirithe go mór mhór ar na páirceanna mór-thimpeall na dúthaigh. Tá páirc ar eolas agamsa agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Claise. Do bhí dígh mór ann fadó agus sin é an cúis go dtugtar an ainm sin air.
    'Sé an ainm atá ar páirc eile ná Páirc an Tobair. Tá tobar ann go dtí an lá inniú. Tá Páirc an Tighe mar ainm ar páirc eile. Do bhí tigh ann fadó ag cailín darbh ainm di Peig Riobáird.
    Gairid don tigh-se tá páirc mór ann agus sin é an chúis go dtugtar an Páirc Mór uirthi. Tá páirc linne gairid don abhainn agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na bhFothraigh. Do bhí tigh ann fadó agus tá na fothraigh ann fós.
    Tá Páirc an Cairéil mar ainm ar páirc eile. Tá Cairéil mór ins an bpáirc sin. 'Sé an ainm atá ar páirc eile ná Páirc an Leasa. Tá lios mór ann. 'Sé an Carraigín atá mar ainm ar áit eile mar tá alán carraigreacha ins an áit céanna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Cahernaleague, Co. Waterford
    Collector
    Pádraig Teidhirs
    Gender
    Male
    Address
    Cahernaleague, Co. Waterford