School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Gearóid Ó Coindealbháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
  2. XML Page 217
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Scoileanna.
    Timcheall míle ó'n scoil seo gairid do'n uachtarlann do bhí sean-scoil suidhthe. Timcheall seactó-cúig bliadhna ó shoin a bhí sé ann. Ins an lochta i dtigh an gabha sé sin, Micheul Conchubhair, a bhíodh an muinteóir ag muineadh. Do díoladh sí as an tigh dó'n ngabha. Gach oidhche do bhíodh sí 'na codladh ann. Ar an mbóthar atá an tigh suidhte.
    Maighistréas do b'ea an muinteóir. B'é Riain an ainm a bhí uirthi. Ó Cluain Meala a tháinig sí. Timcheall fiche bliadhna a thug si ann. An faid do bhí sí ag muineadh ann do bhíodh triocha no ceathracha sa rolla aici. Thugadh gach scoláire cupla sgilling sa ceathramhadh agus is minic b'eigin do na cailíní uibhe agus brosna do tabhairt dí. Is iongantach comh crósta agus do bíodh sí mura dtabharfadh na scoláiri cuichí gach rud a bhíodh uaithi. Do bhíodh na buachaillí ann an-fhian agus is iongantach iad na cleasa a bídís ag imirt uirthi. Fuair sí bás sa tigh. Sar a tháinig sí ann do bhí an áit na barraic. Ní raibh mórán leabhair acu agus is amhlaidh a bídís ag scriobhadh ar slinnte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Teidhirs
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Seumas Ó hAnnracáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford