Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí fear in a chómhnuidhe i mBaile na Giolcaighe fadó agus is é an ainm a bhí air ná Seán Hans.”
Do bhí fear in a chómhnuidhe i mBaile na Giolcaighe fadó agus is é an ainm a bhí air ná Seán Hans. Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag cuimhneamh ar ór is ar airgead. Bhi a bhean in éinfeacht leis. Is aige a bhí an muileann ag Muileann-na-Choirche. Ní raibh sé sásta in aon chor leis an muileann mar do ceap sé ná raibh sé ag deanamh aon airgid as. Bhí sé ag d'iarradh taidhreamh mar geall ar áiteanna go raibh ór i bhfolach acht do bhí ag teip air. Sa deire do bhí taidhreamh aige mar geall ar ór a bhí i bfolach thíos fé'n muileann agus go raibh cloch mór ós cíonn an t-ór. Tosnuigh sé ag romhar agus thánaigh sé cun na cloiche. Bhí sé cómh sásta san gur cuaidh fé dhéin a mná. Nuair a thángadar thar n-ais do bhí an muileann go léir tar-éis tuitim. Sin mar a thuit an muileann. Níor fhéadadar an t-ór d'fhághail ná an muileann a chur suas in a dhiaidh san. Bhíodar go h-ana bhocht ina dhiaidh san.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Dunaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballynamult, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hAnnracháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ballynamult, Co. Waterford