School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Nóra Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 83

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 83

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
  2. XML Page 83
  3. XML “Daoine Cáiliúla i Sliabh gCua sa tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pádraig Mac Craith, Leaca an Darra. Tá sé ina beatha fós. Nuair a bhí sé óg ní raibh aon fear a sháróchadh é ag caitheamh meachanaí agus ghabh sé duaiseanna ar fuaid na contae agus lasmuigh di. Bhí an craobh aige ar an leath chéad agus an ceathrú chéad.
    Fear ráis ba ea é leis agus ghabh sé rás céad slat go minic. Idir 1885 agus 1895 a bhíodh sé ag iomáidgeacht. Bhí sé ós cionn sé troigh ar aoirde agus é dumtha dá réir.
    Ag na Sceithiní a rugadh agus toghadh Domhnall Ó Fearachair timpeall 1850. Bhí ainm Domhnaill anáirde ar fuaid na hÉireann. Bhí rith agus léim agus neart ann. Níor bhuail sé le fear a bhuadhfadh air lena linn. Bhuaidh sé craobh na hÉireann i gcomórtas iomlán agus é in aois a dachaid bliain. Bhí lán seomra de duaiseanna aige.
    Bhí Liam Ó Floinn i Réid na dTeampán sa 19adh aois. Fear an-bríomhar be ea é. Theigheadh sé léim i ndiaidh a chúl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Eilís Ní Chadhla
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Cait Breathnach
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford