School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Nóra Nic Gearailt

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 79

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a bíonn ciorcal mór-thimpeall an ghealach deirtear go mbeidh fearthainn ag teacht.
Nuair a bhíonn scamaill duha insan spéir deirtear go mbeadh fearthainn ag teacht.
Nuair a bhíonn an gealach leath-báite beidh fearthainn againn.
Nuair a bhíonn an torr-iasc ag an uisce is comhartha fearthainn é.
Nuair a bhíonn an ceo ar an mbóthar ag eitilt leis an gaoth deirtear gur comhartha fearthainn é.
Nuair a bhíonn an spéir dearg ar maidin agus nuair a bhíonn na fáinleoga agus na préacháin ag eitilt go h-íseal, beidh stoirm ag teacht.
Nuair a théigheann an gaoth go dtí an taobh thuaidh beidh sioc ag teacht.
Taobh theas fearthainn.
Taobh thoir sneachta.
Taobh thiar stoirm.
Nuair a bhíonn an spéir dearg insan tráthnóna agus nuair a bíonn sí luath ar maidin beidh aimsir breá ag teacht.

(continues on next page)
Collector
Cáit Breathnach
Gender
female
Address
Ballynamult, Co. Waterford
Informant
Seán Breathnach
Relation
unknown
Gender
male
Address
Ballynamult, Co. Waterford
Language
mixed