School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Nóra Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
  2. XML Page 130
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oíche mór ghrinn is ea Oíche Shamhna. Bíonn suipéar mór i ngach tigh an oíche sin agus deintear bairín -breach i gcóir an suipéir agus cuirtear alán nithe isteach ann, mar atá fáinne, ceirt mearachán, píosa lasán, cnaipe, leath-raol nó raol. Bíonn gach éinne ar cipíní féachaint cad a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cuardaigh ná fonn ithe a bhíonn ortha, go mór mór ar na daoine óga. An duine a gheibheann an fáinne is é nó í is luaithe pósta; an té a gheibheann an méarachán nó an cnaipe is táilliúr a pósfaidh sí; an duine a gheibheann an t-airgead beidh saibhreas aige nó aici.
    Tar éis an tsupéir cuirter tubán lán de uisce i lá an úrlár sa chistin agus cuirtear alán úill isteach ann agus bíonn gach duine ag iarraidh úl a thógaint amach as an tubán lena bhéal gan lámh a chur san uisce ná san tubán. Uaireantacuirtear airgead ar tóin an tubáin agus ansan bíonn ana-spórt ar fad ag féachaint ar na buachaillí ag tumadh a gcinn san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Cáit Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Éilís Ní Chadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford