Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tooraneena, Co. Waterford
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Áit-Ainmneacha"
Páirc an Aifrinn.Tá páirc ar an dtaobh thall de'n ngleann i mBleántas a dtugtar Páirc -an Aifrinn uirthi. Tá lios i gcúinne na páirce, agus bhí cloch ann mar a mbíodh Aifreann 'á rádh sa droch-shaoghal fadó nuair ná raibh séipéal ná aon áit eile a raibh cead Aifrinn ag sna sagairt. Gleann Sheáin Uí Chathain a thugtaí ar an ngleann san atá idir an Cnoc Buidhe agus Bléantas, agus tá cabhas treasna na h-abhann gairid do pháirc an Aifrinn: Cabhas an Aifrinn a bhí air. Cheithre clocha móra atá sa chabhas. Timcheall dachad bliadhain ó shoin tháinig tuile mhór san abhainn, agus scuab sí léithe ceann de chlocha an chabhais. Tamall beag i n-a dhiaidh sin tháinig tuile eile agus d'fhág sí cloch mhór eile i n-áit na cloiche a bhí imthighthe.
San áit a dtagann a dá abhainn le n-a chéile ag bun na Scairte agus Bhleántais tá droichead dúbhalta ann : Droichead Bhun-an-Dá-Abhann atá air; ach fé raibh aon droicead ann is é ainm a bhí ar an áit ná Áth Chlaise an Iarainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballynamult, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Éilís Ní Chadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballynamult, Co. Waterford