School: Mágh Dheilge, An Cheapach (roll number 9889)

Location:
Modelligo, Co. Waterford
Teacher:
Séamus Ó Banáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 52

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 52

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Dheilge, An Cheapach
  2. XML Page 52
  3. XML “Lucht an Leasa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lucht An Leasa.
    Deirtí fadó go dtugadh lucht an leasa daoine leótha, agus go bhfágaidís seana-scológ, nó seana-chailleach in áit an té a thogaidís leótha. "Ag tógaint as", a tugtaí ar an obair sin. Bhí beirt buachaillí ann agus bhíodar ana mhor len-a chéile. D'imthigh ceann acu as an áit agus phós sé. Ní ró-fhada a mhair sé nuair fuair sé bás. Fuar an fear eile scéala ar bhás comhradi. Cuaidh sé dtí an torramh, agus ag dul isteach an bóithrín go dtí tig an torramh cia bhéadh ag seasamh leis an gclaidhe ná an fear a bhí tar éis bháis. Leabhar an fear leis agus cheistig sé é. "Ó, nílim tar éis bháis ar aon cor," ar séisean. "Mo thógaint ar a rinneadh. Nuair a raghaidh tusa isteach anois," ar seisean, "geóbhaidh tú mo camán taobh thiar d'en doras. Na labhair le h-aoinne, ar bhinn do chluaise acht bagair go láidir ortha leis an gcamán. Teirigh go dtí an gcorp annsan agus bual is bual arís é; is mara n-eireóchaidh leat an rioth a chor air, ní bhfagaidh mise casadh go deo".Dhein an fear eile mar a ndubhairt sé leis; crom sé ag bualadh an chuirp is gceann a bhfad d'iompuig sé in a liathróid is amach an doras leis. Thainigh an fear tar n-ais sa leabhaidh in a áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Banain
    Gender
    Male