School: Mágh Dheilge, An Cheapach (roll number 9889)
- Location:
- Modelligo, Co. Waterford
- Teacher: Séamus Ó Banáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal Eile Ar Nóra.
Bean eile a bhí ann agus fuar a fear bás. Dubhairt sí go raghadh sí go dtí Nóra, féachaint an raibh aon "fhios" aici, mar a leigeadh sí uirthi. "An bhfeicheann tú Seán bocht ar aon chor nó ní fheadair conus atá sé ?" ar sí sin. "O'se ambasa cím,"arsa Nóra. Thiar ar fad ar deire a bhíonn sé, mar tá stocaí briste air", ar sí sin. Chuaidh an bhean abhaile, agus d'innis sí do bhean desna comharsain mar a dubhairt Nóra. "Agus anois", ar sí sin cnoitfálaidh an beirt againn peidhre stocaí, agus tabharfaimíd do dhuine bocht éigin ar Son Dia agus le n'anam iad.Beidh fhios againn annsan ma's ag stealladh éithig atá sí. Dheineadar na stocaí agus thug bean Sheáin d'fear bocht ar son Dia is le n-anam iad. Chuaidh sí go dtí Nóirín annsan. "An bhfaca tú Seáin le déanaí?" ar sí sin. "Go deimhin féin, chonnaic mé," arsa Nóra, agus 'sé tá go taidhbhseach, agus peidhre breágh stocaí nua air. Tá sé i measg na bhfear anois, agus is orm atá an áthas", ar sí sin.- Collector
- Séamus Ó Banáin
- Gender
- Male