School: Mágh Dheilge, An Cheapach (roll number 9889)

Location:
Modelligo, Co. Waterford
Teacher:
Séamus Ó Banáin

Filter stories

Back
/ 53 Forward
Resolution: Low | High
Nóra agus an Paidrín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 40

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean desna Breathnaigh i Maigh Dheilge an uair sin , agus bhí paidrín bréagh aici . Nuair a bhí sí ag fágháilt bháis d'fág sí an paidrín ag a h-inghean. Tamall éigint i n-a dhiaidh sin, caill an inghean an paidrín agus chuarduigh sí gach aon áit á lorg , ach ní raibh a thuarisc le fágail thíos ná thuas . Bhíodh sé ráidhte go raibh fhíos ag Nóra , agus chuaidh an bean eile go dtí í ag feuchaint an bhfaghadh sí aon tuairisc a thabhairt de ar an bpadrín . " Tar chughain i gceann cúpla lá; ar sí sin . Tháinigh agus d'innis sí di cá raibh paidrín . "Tá sé i n-a leithéid seo ' cupórd fén éadach cláir atá ann, agus ni'l agat ach do lámh a leagaint air' ar sí sin. B'fhiór di: bhí san áit ceádhna a dubhairt sí.

Collector
Séamus Ó Banáin
Gender
male
Language
Irish