School: Affane, Ceapach Chuinn (roll number 16272)
- Location:
- Affane Hunter, Co. Waterford
- Teacher: Bríd Bean Uí Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinigh an scriosadóir Cromaill agus a aem go h-Éirinn - tar éis mórán díoghbhála do dhéanamh ar fud na tíre do chuireadar an Geimhreadh 1649-50 futha i Eochaill.
Ag teacht dóibh go dtá an bhaile sin bhí Gael i measc na saighdiúirí agus fuair sé amach go rabhadar beartaithe Eaglais Naomh Muire do scriosadh agus do leagadh.
Gan fhios don'a chompánaigh chuir sé an scéal chuig an sagart Paróiste ann. Leis sin do rith an sagart isteach san séipéal agus suas ar an altóir leis. Do rug sé an Naomh Sacramint agus amach leis ar casán an t-séipéal ar a dhícheall. Ar an bpoinnte chuala sé arm Cromaill ag teacht agus b'éigin dó dul i bhfolach sa chrann a bhí ag fás laistigh den geata.
Le thoil Dé do chrom craobhaca an crainn go talamh ar dtúis agus ansan d'fhilleadar isteach ar a chéile i dtreó ná uaibh an sagart aguis a raibh aige le feiscint. D'fhan sé ann gur saoraigh a cháirde é- Collector
- Brighid Ní Chonaill
- Gender
- Female