School: Affane, Ceapach Chuinn (roll number 16272)
- Location:
- Affane Hunter, Co. Waterford
- Teacher: Bríd Bean Uí Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Affane, Ceapach Chuinn
- XML Page 29
- XML “Bróga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Insan sean-aimsir bhíodh na daoine fásta suas sar a chaitidís bróga.
In Iarthair na hÉireann is gnáth le daoine bochta bheith cosnochtaithe ó cheann na bliaina. Fén dtuaith bíonn na buachaillí cosnochtaithe insan Samhradh mar bs aoibhinn leo bheith gan iad.
Ins na bailtí móra agus na cathaireacha caitheann na daoine idir óg agus aosta bróga anois. Pé scéal é bíonn dualgas ar daoine cosnochtaithe a gcosa do nighe gach oíche agus bhí alán piseóga i dtaobh Uisge ns gCos acu.
Roinnt bliainta ó shoin roimh teacht meaisíní ar an saol bhí na bróga go léir déanta le gréasaí agus bhí buan i láidreacht ins na brógaibh an ré sin.
Bhí obair fé leith i Lios Mór (5 1/2 míle uainn). Bróga adhmad á dhéanamh ann ach anois tá deire leis an obair.
Ins an h-oileáin in Iarthar ns hÉireann caith na daoine pampooties - píosa seithe níos mó ná an gcos mar bonnaibh agus iad ceangailte le chéile le h-iallacaibh agus choimeádidís cosa ns ndaoine slán ón clocaibh agus ón dealgacaibh sn bhóthair.- Collector
- Brighid Ní Chonaill
- Gender
- Female