School: Affane, Ceapach Chuinn (roll number 16272)

Location:
Affane Hunter, Co. Waterford
Teacher:
Bríd Bean Uí Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 26

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Affane, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 26
  3. XML “Bean Leighis - Cáit de Prendergas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leath chéad bliain ó shoin nó mar sin bhí sean-bhean ina chónaí i gCnoc Mellerí agus bhí sí in iúl buidéil leigheasanna a dhéanamh as luibheanna.
    Bíodh na daoine tinn ag teacht cúichi ó gach áit i gcéin agus i gcóngair chun leighis d'fhágailt uaithi. Dubradh i measc na gcomharsan go raibh baint aici le na síóga ar feadh seacht mbliadna agus do thugadar an comhacht san di.
    Ag siúl an bhóthair di bhíodh sí ag casadh ó thaobh go taobh agus ag caint ós árd san am céanna díreach is go mbeadh sprideanna ag tonnlachan di.
    Pé scéal é bhí eolas aici ar gach saghas galair do leighisiú. Dá mbeadh bás indán don duine árdóchaidh sí an buidéal leighis idir an duine agus an solus agus teasbáinfadh sí na sgoilbóga (sin comhartha an bháis) i dtón an buidéil agus chaillfeadh an duine gan morán moille. Ach tráthnóna amháin fuaireadh an tsean-bhean ar thaobh an bhóthar agus i mbéal bháis. Do leag rothaí í agus ba náireach an sgéal. Fágadh mar thit sí.
    Bhí brón agus díomá ar a cáirde agus ba mhó na paidreacha a dúradh léi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chonaill
    Gender
    Female