School: Garrán Bán, Dúngarbhán
- Location:
- Garranbaun, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Maolchatha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do réir cainnte na ndaoine fear maith do ba eadh Crotaigh An Ropaire agus bhí sé an-mhaith do na daoine bochta ach tá scéal amháin na thaobh agus más fíor é, taisbeánnan sé gur droch-chlaidhre a bhí ann. Do réir an sgéil seo bhí Crotaigh agus a ropaire eile leis ag feithimh le duine uasal oidhche áirithe cun é do robáil. Bhí an oidhche fuar fluich agus bhí fuacht agus ocras orra. Chonnachdar solus i dtigh i bhfad uatha agus chuadar fá dhéin an tighe. Nuair shroiseadar an tigh chonnachdar gur bothán a bhí ann. D'fheuchadar isteach tríd an bnfuinneóig agus chonnacdar sean-fhear bocht ag ithe a shuipéir. Ní raibh aige ach prátaí agus salann agus chuir sin canncar agus fearg ar Crotaigh. Chuir sé geall leis an ropaire eile go gcuirfeadh sé piléir isteach i mbéul an sean-duine nuair d'osclóchadh sé a bhéul i gcóir an ceud blúire práta eile. Thóg an ropaire eile leis an ngeall. Do thóg an sean-duine blúire práta in a láimh agus bhain sé an croiceann de. Do chaith sé gráinne salainn air agus nuair a d'oscail sé a bheul in a chóir do lamhach Crotaigh ar an áit sin é.
- Collector
- Tomás Ó Maolchatha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir