School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 99

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 99

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 99
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí tig beuldorus againn sa mbaile i mBeul-na-Molt, i bParóisde Tuar-an-Fhíona, leath-chead bliadhain ó shin.

    Bhí tig beuldorus againn sa mbaile i mBeul-na-Molt, i bParóisde Tuar-an-Fhíona, leath-chead bliadhain ó shin. Mhair gréasaí, a bhean, a lann agus a mháthair-a-chéile, í seo comh searbh le purgóid ola trúisc agus dar ndóigh ba leor san. Bhí an bheirt-phósta so bocht ach má bhí féin, bhí an fonn ag éirí go mion minic. Budh dhéistin leis an tsean-mhnaoi so agus bhíodh aici pé rud budh ghéire agus budh shearbhaighe a bhuaileadh isteach ina clann.
    Rángaig go raibh ag an gréasaí 'leath-scéal' in ionad choinncín, an ruidín beag is giorra a chonaic aoinne riamh agus bhí sé comh geanncach san go bheafá féachaint arís agus arís eile ar an ruidín beag bídeach neamh-choitianta. Nuair do tháinigh an séamhadh bunóicín ar an saol, bhris ar an Foidhne ag an sean-mhnaoi agus seo an rann a dúirt :- Coinncín ar Jurry agus coinncín ar Mary, coinncín ar Paddy agus coinncín ar Jamesy, coinncín ar Biddy agus coinncín ar Davy agus do gcurfí na coinncíní go léir i ndiaidh a chéile, ní dheanfaidís an choinncín amháin a bheadh aon deallramh ar aon chor air".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí sí, an t-am so, cráidhte ag na piantaibh.

    Bhí sí, an t-am so, cráidhte ag na piantaibh. Buaileas léi agus d'fhiosraigh di i dtaobh na bpianta. (Budh bhród le Bhríd bheith ag gealladh an Béarla). Seo mar dúirt sí :- " I'm kilt for em for pahns, a mhic ó. They's pains in me two maotháns and another wan down the stiricín of me neck".
    Chuireadar deithneas léi chun na síorruidheachta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid de Róiste
    Gender
    Female
    Address
    Ballynaguilkee Lower, Co. Waterford