School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 98
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-aithne agam ar shaighdiúir a chaith os cionn fiche bliadhain i n-arm.”
(continued from previous page)nach á mholadh a bhí. D'éirigh taom feirge chun Sheáin an tSaighdiúra. D'Fair sé an sagart agus dhein saghas oirchillidheachta air. Ag tiomáint a bhí an sagart nuair do léim Seán amach air. "Wo, pony" arsa Seán " I want to speak to your master". Tháinigh scáth ar an sagart roimh mar fear mór fiadhain stuacánach a bheadh Seán. Canónach a bhí sa sagart. Bheir an saighdiúr greim ar an gcapall agus labhair go fíochmhar mar seo :- "Well, Rifle - D - why did you spake and blaspheme my name from the altar?" "Oh Mr. Farrell I never did such a thing. I never mentioned your name". "Well, a Moige, if you didn't, you spelled it. Don't do any more spellin'. Forward, pony".(no title)
“Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain.”
Tá deirbhshiúr liom atá slánuigthe aici 65 bliadhain. Is í a máthair-críona do thóg ó gur tháinis an t-am chun í chur ar scoil, sé sin le rá go raibh sé bliaina caite aici. Ní raibh focal Béarla ag an tsean-mhnaoi agus da ndóigh bhí an leanbh comh dall léi. Cuireadh ansan chun a máthar í chun oileamhaint an Bhéarla do chur inti i gcóir scoile.
Sar a dheineadh so chuaidh an tsean-bhean ar chuaird chun tighe feirmeora. Ag bualadh isteach an mhacha dóibh bhí greim ar an tsean-mnaoi ar láimh an leanbh. Sa mhaca bhí cráin-muice a bhí trom i mbanbí. Chonaic an leanbh agus scread sí ar a shean-mháthair "A mham, is gairid go mbeidh banbhí ag an gcráin". "Mhuise a mhaoineach" arsa an tsean-bhean " conas tá fhios san agat?". "Ó féach, a mhamaí, féach an tuitim atá aici".