School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 97

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 97

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 97
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)
  6. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Sean Pheaid Ráileans do chomhnaigh i mBaile-na-Giulcaidhe i bparóisde Thuar-an-Fhíona timcheall caogadha bliadhain ó shoin.

    (continued from previous page)
    díreach nuair do chuir Peaid an cheist "Mhuise a mhaoineach, what sort of a amadáinín is that?" Fuair sé an freagra go tapaidh agus go lán-eólgasach "Oh, his father was a carrier and his mother was a punther".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Mar tá beartuthe agus deimhnithe cheana agam, tailiúir ab eadh m'athair.

    Mar tá beartuthe agus deimhnithe cheana agam, tailiúir ab eadh m'athair agus is cuimhin liom é ag rá so le comharsan lá a bualadar le chéile. Tar éis reatha bheag de dheas-chaint d'iarr an duine seo "conas ar caithís an lá, a Sheáin?". "Bheul mhuise" arsa m'athair "ag caitheamh clas go h -eadshruth agus ag obair as san dtí an thráthnóna".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
  3. (no title)

    Donn sicín na h-abhann a ghlaoidhtí ar fhear bocht a bhíodh comhnuidhe air ar ach abhann na fionnuisce.

    Donnsicín na hAbhainn a ghlaotaí ar fear bocht a bhíodh ina chónaí ar Abhainn na Fionnuisge. Bhíodh scata mór lachan aige ar an abhainn agus dar ndóigh bhíodh bárdal fá na mbun. Tháinigh na lachan abhaile slán tráthnóna ach ní raibh teimheal den mbardál. D'imigh Donnaicín le lán deithnis ag cur a tuairisce. Bhuail sé le lead ná raibh mórán de bhlas na Teangan i na Theangan agus d'iarr sé de "A bhfacha tú mo bhárdal?" "An bárdal bán é do bhárdál?". "Ó, is eadh gan dabht" arsa Donnaicín. "Ó chonaic mé thíos i gCabhas a Dobhdal is a dhá coisín ináirde. Bhí sé tar éis an bárdal a marbhú le cloich.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  4. (no title)

    Bhí sean-aithne agam ar shaighdiúir a chaith os cionn fiche bliadhain i n-arm.

    Tá sean-aithne agam ar saighdiúr a caith ós cionn fiche in Arm Shasana. Nuair a scaradh é mhair sé a chuiid eile dá shaol i Tuar an Fhíona eagarneacht le tigh tabhairne. Bhíodh an sagart paróiste cráite ag iarraidh é do chuir ar leas. Nuair do theip air labhair sé ón altóir. Ní raibh an saighdiúr ag an Aifreann ach d'innseadh dó go ndúirt an sagart rud éigin ina thaobh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.