School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 95

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 95

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 95
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí sí ina suidhe cois teine go gnóthach i n-iomadh le na paidrín.

    Bhí sí ina suidhe cois teine go gnóthach i n-iomadh le na paidrín agus ag bodhradh gach duine bhí istigh leis an glór diaganta nuair a bhuail mac a mic isteach sa macha ón baile mór; gual a bhí aige i mála i gcairt an asal. Bhí sé ag cnámh-a-dhithchill i n-achrann leis an mála.
    Chonaic an t-sean-bhean conas mar a bhí an scéal aige agus í i lár "go mbeannaithe duit". Scread sí amach in árd a gutha "leag ansan é agus ná strac a'tóin as". De réir deallramh ní raibh sí sásta gur thig an 'lead' í mar gan mhoill tháinigh aistriughadh na h-abairte agus le faobhar ina guth "Knock her there and don't drag the a-s out of her".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Timcheall caogadh bliadhain ó shoin nuair a bhíos óg agus dá dteipfeadh orm.

    Timpeall caogadh bliain ó shoin nuair a bhíos óg agus dá theipfí orm lucht do chur ar pé rud a bheadh le déanamh agam, le searbhas do bhuaileadh ar mo caisibh "Thut, a bhóoda, bhouda, nach cocach d'iomchuireann tú do cheann leitean"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Bíodh léite againn gach maidin roimh an té agus uaireanta ná bíodh sé déanta go ró-mhaith agus bíodg cuspóin ann agus bíodh gach duine dhínn ag iarraidh iad do shéanadh.

    Bhíodh leite againn gach maidin roimh an té agus uaireannta ní bíodh sé déanta ró-mhaith agus bíodh cnapáin ann agus bíodh gach duine dúinn ag iarraidh iad do shéanadh. As seo a thagadh. Maidin amháin dhein duine gearán leis an athair ar duine eile dhínn mar seo - "Willie here, wouldn't eat the knobs, sir." Labhair m'athair "Ar m'anam, mar a n-íosfaidh sé na knobs tabhairfidh mise knobs dó sa chúl".
    Ní raibh a thuille sa scéal agus cuireadh deire leis na knobs.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male