School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 251
  3. XML “Póitséireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair do bhíosa im lead deich mbliain nó mar sin, is cuimhin liom gur chuaidh m'athair ar choisideacht go tig feirmeora a bhí trí Mhíle ó bhaile.
    Bhí an maidin an-fhluic ach taréis am dinnéir bhris an ghrian amach ag taithneamh agus ba ghairid go raibh deire leis an fearthainn.
    D'éirigh tuille san abhainn (Abha na Fionnuisce) agus bhrúcht an t-uisce thar a teorainn in áiteanna.
    Bhog m'athair leis fé dhéin an tighe agus le cois na h-abhainn. Bhí air dul thar bhrághaid túrnóige agus bhí an chlais ar a h-aghaidh lán de uisce ón dtuille. Thug sé fé ndeara earball éisc ag 'curtáil' ann. Bhí bata-láimhe aige ina ghlaic agus leis seo déirigh leis an t-iasc do thabhairt leis go port nó bruach an locha.
    Cad a bhí aige ach bradán, ach conas d'éirigh leis a bheith san áit sin? Seo mar thárla. Potséirí a bhí amuigh. D'éirigh leo bhreith ar seo agus sar a bhí deire na feide caite aige caitheadh isteach sa loch é le fonn casadh air nuair a bheah deire le na dturus.
    Bhuel, thóg m'athair a shiosúr as a phóca agus gearr líneáil a chasóige. Isteach leis an mbradán. Ar ais léim m'athair agus tar éis an bradán do thabhairt do mo mháthair chun é do bheiriú chun suipéir, d'imigh arís agus thóg sé an casán ceadna. Nuair do bhuail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
    Address
    Cappagh, Co. Waterford