School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 242
  3. XML “Teach Féile Uí Bhriain - Teach Féile agus Fairsinge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tigh Féile - Uí Bhriain
    Tig Féile agus Fairrsinge
    Seo tig mór a bhíodh na fearra fáilte roimh gach duine a théigeadh ag triall ann agus ann a bhíodh "lashins agus Lavings" do gach aoinne.
    I measc an chuideachta an oidhche áirighthe seo bhí fear de'n gcead uair, agus meas as meon aige as thapaidheacht a theangan.
    Nuair a bhí sé tar éis buille-fá-thuairim do thabhairt ar an méid a bhí láithreach agus tar éis feuchaint do ar an méid bídh a bhí dhóibh, scaoil sé le na theangain mar seo leanas:-

    Is minic a d'airigh mé trácht ar thig Uí Bhriain,
    As ní rabhas ann riabh dtí anocht.
    Acht d'réir mar mheasaim do'n mbradán is do'n bhfiadh
    Beidh an dá-thrian go feoil anocht.

    Bhí níos mó feóla sa tig nó chonnaic an fear so mar bhí caora mhór dhubh i gcóir chun ithte i gan fhios do.
    D'airigh fear-a-tighe an iarracht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male