School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 240
  3. XML “Tobar Beannaithe Naomh Párnáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an tobar seo ar thaobh an bhóthair gairid do shéipéil Baile an Phuill.
    Ar an 28adh lá de Mí Lúnasa a bhíonn an Féile. Leantaidhe des na turasanna ar feadh na n-Ocht Lá.
    Tá tigh le h-ais an tobair agus na Chonchúbhairig an dream do chónaigh ann leis na ciantaibh agus is iad a bhíonn cónaí ann acu ar an lá inniú.
    An t-am seo atáim ag cur síos ar - seasca bliain ó shoin ann - bhí duine den dream seo agus bhí sé go lag-inntinneach. Chuir a mháthair go dtí an tobar é fé dhéin galún nó crúsca uisce, ach tháinigh sé ar ais gan é.
    Cheistigh a mháthair é ach sé an rud amháin a dúirt Patcheen ach 'there's legs there'.
    Chuadar amach agus fuaireadar bean báite sa tobar. bhí sí tar éis turas do thabhairt agus ansan bheir sí ar chupán chun deoch d'fháil as an tobar. Nuair do chrom sí sí síos thit sí isteach ar mhullach a cinn agus níor fhéid sí teacht as.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male