School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 231
  3. XML “Tórramh Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is cuimhin liom bheith ag tórramh eile i dTuar an Fhíona agus bhí an té dá chur i gcóir. Is cuimhin liom an té dá tharraingt le hais na tine. Bhí an tobac agus na píopaí á dtabhairt amach san am chéana agus bhí an tobac agus an snaoisín ar bóirdín i gcúinne na cistine. Bhraitheas ar aghaidh lad óg go raibh droch-fhuadar fé agus bhraitheas cad a bhí ag tabhairt scrine dó - an tobac. Ní ró-fhada go raibh ladhar de ina ghlaic agus shíleas gur ag líónadh a phíopa a bhí, ach ba gairid gur shleamhnaigh sé é chun bhioránaig eile a bhí ina shuí ar stóilín le hais na tine. Chrom sé seo ag láimhseáil chlúdaigh an taypot agus d'éirigh leis an tobac do chur á tharraingt i dteannta an tay.
    Glaodhadh ar na mná chun an tay agus ó go raibh sé timpeall an dó ar maidin bhí saghas cíocrais ortha chuige. Bhraitheadar ná raibh an blas r-shlántiúl ach thairis sin ní raibh amhras an domhain ortha. Ba ró-ghairid ina dhiaidh sin go raibh an goile ag goillúint ortha ach is fánaire dhíobh ar d'éirigh leo an doras do dhéanadh agus bhíodh 'ag tórraimh' cuid díobh ar feadh dhó uair a chloig agus cuid acu i riocht an bháis. Bhí an stuif ag teacht ina thulcaí comh mion, minic sin go raibh air an dá bhóthair - síos agus suas - do thógaint ar féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
          1. games
            1. wake games (~170)
        2. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male