School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire

Filter stories

Back
/ 252 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tórramh
Nuair do bhíos-sa óg fuair comharsa béil doruis bás. Tig beag crun-tighe do bhí sé i na chomhnuidhe ann agus bhí sé lán go dous oidhche an tórraimh. Bhí beirt spaisteóirí láthair agus ní rabhdar díomhaoin. Shuidh duine acu ar gach taobh de'n chorp. Tharraing duine acu churg crius a bhí ag coimeád greama ar a bhríste nuair a fuair sé an chaoi ar san do dhéanadh. Do shleamhnuigh sé é f ghuaillmibh an chuirp. Ghreamuig a chomhrádaí an crios ar an dtaobh eile. Ar dúnadh na súl bhí an corp i na shuidhe tabhaill díreach a an leabaidh.
Níos scannradh go dtí é agus scréach na mná agus na raibh na fir i na dtost nach an oiread. Thug gach duine aghaidh ar an dorus acht bhí sé sin dúnta agus ní raibh óil ar ó d'oscailt. Ansan d'éirigh an brúghadh-carnáil-gach aoinne i na gheilt ag iarraidh an dorus do dheánadh.
Dóbar go mbeadh níos mó ná aon tórramh amháin mar bhí na mná i ndeireadh na sthuige(?) nuair d'éirigh le duine éigin an dorus d'oscailt.
Deirimse leat-sa gur fuair an tórramh sa bhí ar an fear-bocht a bhí a an gclár gur cuireadh féin bhfód é. Budh mhilltheach agus budh náireach an cleas é.

Collector
Seán Ó Conaire
Gender
male
Language
Irish