School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 210
  3. XML “Deaschaint”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair do bhíosa im bhuachaill óg leath-chead bliain ó shoin ann,bhí sean-fhear dár b'ainm do Seán Leathan ina chónaí ag an mBarra i bparóiste Tuar an Fhíona agus ag beal doras bhí an Poll a Mhóin - is dócha go ba é seo Poll na Móna mar is é mo thuairim go mbíodh móin á bhaint sa cheanntar san fadó.
    Bheul, ba bhéas le Seán, nuair bhíodh in aonar, cainnt do chur ar féin. Bhíos ag na comharsain go léir beus Seáin agus uaidh seo glaodhadh Seán Leathan na cainnte air mar leas-ainm.
    Bhí sé cois claidhe ag cadaráil leis féin lá nuair do bhuail comharsa air i ngan fhios dó. Tar éis beannughadh do Sheán agus do Sheán é d'freagairt chuir an comharsa an cheist seo :- "Bhuel, a Sheáin, dé chúis a mbíonn tú ag cur cainnte ort féin i gcónaí mar a mbídhir?" Níor tháinigh an oiread le chuig ar Sheán go ceann nómanta. Ansan labhair go mín réidh agus dúirt "ní raibh fhios agam féin go dtí anois é mar níor dheineas an ábhair díospóireachta san do phlé liom féin ach ón machtnamh tá déanta agam anois ar an gceist, tá fhios agam go bhfuil dhá chúis leis".
    "Mhuise an mhiste liom d'fiafaigh díot cad iad"? Bhuel, sé an chrud smaoineamh do bhuail im' cheann gur maith liom bheith ag caint le duine ciallmhar agus ag sála an smaoinimh sin rith isteach an ceann seo, is maith liom bheith ag éisteacht le duine ciallmhar ag caint".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male