School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo píosa a fuair an céad duais ag Feis na nDéise a tionóladh i nDúngarbhán bliainta ó shoin. Páiste ón scoil seo do fuair sa mbaile é i measc sean-pháipéirí a bhí caite ar leath-taobh. Thug sé chugham-sa é agus thugas do bheirt scoile - dearbhráthair agus dearfúir - é chun é d'foghluim i gcóir na feias a bhí ag druidim linn an t-am sin.Máthair :
Mhuise, cá raibh mo pheata beag
Ní fhacas ó maidin é
'Masa, shíleas ná tiocfá go lá chugham.Peata :
Is amhlaidh a chuireadh abhaile mé
Ó thig Sheáin Mac Gearailt shiar
Nuair ná tabhairfinn ón gort an bhó bhán dóibh.Máthair:
A Sheáinín, a dhalta ghil
Téighir ar lorg na lachain dom
Nó ní thiocfaidh abhaile go lá chughamPeata:
Ó se, táim traochta ó mhaidin
Agat féin is ag m'athair
Is ní bhacfad-sa aon lacha go lá duitMáthair:
Comh siúrálta is maireann tú
Mar a raghair ar na lachain dom
Beidh imithe ag an sionnach amáireach.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male