School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 183
- XML “Ráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Na ceithre ní is lugha mhaith :Lán gad de ghainnimh trághadh
Lán mála de'n ghaoith aduaidh
Scéal dá innsint do mhnáibh
Nó dán do dhaoinibh duairc.
Mairg a bheadh gan bean
Ag stracadh tríd an saol seo
Má chráidhtear léi é seal
Ní salaiche dhe a léine.
Féach an crann is gan ann ach áit na súl
Féach na dranndail manntach, cnámhach ann
A ghiolla úd thall, cé teann, cé blathmhar thú
Dar ndóigh, beidh do cheann, gan amhras, lá, mar siúd.
Fadó riamh nuair a bhíodh ag roinnt an airgid tugadh trí-leath-phingne do'n gcat agus dubhradh leis go gcaithfeadh sé maireachtain do dhéanadh as.
Conas is dóigh leat ar caith sé iad?
Thug sé leath-phingin ar radharc san oíche
Leath-phingin eile ar chiúneas cos
Agus an tríú leath-phingin ar dearmhad mná an tighe.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male