School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 173
  3. XML “Slán agus Céad”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    3.
    Má tá aoinne sa saol chun droch-ghuí chur im dhéidh
    Guidhim mallacht Mhic Dé ia an Phápa air
    Aicíd ar ón spéir a leanfaidh lena shaol
    Go gcasfaidh mise arís thar sáile
    A chomharsanna go léir guidhidh liom féin
    An long so thabhairt saor thar sáile
    Is gan aon hurricane teacht orainn as aon taobh
    A chuirfeadh ar straé ná ar fán sinn.
    Gaoth socair séimh do theacht orainn ón spéir
    Is ag teacht le toil an Árd Rí
    Ciúineas breá, réidh bheith orainn ar gach taobh
    Is sinn go léir do thabhairt saor thar sáile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male