School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 170
  3. XML “Fiach an Ghiorria”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo file a bhí ina chónaí in áit darbh ainm do Tig na gCrann. Thit a bhean tinn agus thug sé dochtúir chúichí agus leighiseadh í. Ní raibh airgead ar bith ag an bhfile le tabhairt mar pá don dochtúir ach d'inis sé dó go raibh giorria ar an áit agus go raibh buaite aige ar chónaibh an domhain. Fear mór spóirt an dochtúir agus chuir an caint seo sainnt air fogha do thabhairt fé an giorraí so. An lá ina dhiaidh seo scaoileadh na coin fé an giorraí agus d'éirigh leo é do marbhú.
    Leis sin chuaidh an file ag obair ar a smaointe do nochta ar an bhfiach mar seo leanas :-
    Lá dá rabhas im' aonar
    Ar thaobh chnuic ar scaoileadh an cheó
    Bhí an dochtúir uasal taobh liom
    Ar chaol ghillín meidhreach óg
    Bhí cona-gadhar go h-éadtrom
    Ag léimrig 'na dhiaidh sa ród
    Níl aon stáit-bhean ar bhuaile in Éirinn
    ná béarfadh do a gean gach ló.
    2.
    Ón dtír aduaidh seadh ghluais chughainn
    An suairc-fear ar bhárr cháil
    Íosa Chríost gur mhór leis
    Agus le na sliocht gan fáil
    Ba ghearr gan mhoill gur chualamar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male