School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 163
  3. XML “Na Baigles - Beagles”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is ag Father Meany, sagart paróiste Chill Rosanta i ndúthaigh Déise a bhí na bailgles agus sé a bhuachaill aimsire a chuir na madraí ar bholadh an madra rua nuair a glaoidh an bhean-tí air.
    Is dócha go bhfuil ós cionn cead bliain ó bhí Father Meany ina shagart paróiste ar Chill Rosanta.
    1.
    I gCnoc-a-tSean-Thighe 'sea tá mo Station
    I dtigh Domhnaill Traolaig do bhím im stad
    I bhfeidhil na mbaigles do Father Meany
    Sé toghadh na gCléir é agus plúr na bhfear.
    2.
    Ar mo leaba im luí san oíche aréir dom
    'S gan spéis 'gam féineach i gcíos ná sraith
    Le h-uair an lae san do labhair na géana
    Sé an coileán caol dubh do bhí dá mbraith.
    3.
    Sé dúirt Brighid Ní Laochaigh go ciúin deas séimh liom
    Éirigh a Thaidhg agus rith amach
    Tá mo ghéana dá ruagadh ó chéile
    Agus tá dibhal éigin anocht 'na measc
    4.
    D'éirigh mé féineach gan puinn de'n rudach
    Ach mo bhríste 's mo léine bhí 'gam im ghlaic
    Le Gall ná Gael níor labhras aon chnuig
    Gur scaoileas na baigles na dhiaidh amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male